Is é Washington, D.C. príomhchathair Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tagann an t-ainm ón gcéad Uachtarán, George Washington, agus ciallaíonn "D.C." District of Columbia. Sa chathair seo atá rialtas na Stát Aontaithe, agus is ceantar ar leith é sa mhéid go bhfuil Comhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá i gceannas air ach nach dtoghann an ceantar ach teachta amháin agus é/í gan vóta. De bhrí nach stát atá ann ní chuireann votálaithe an cheantair seanadóirí go Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá ar chor ar bith. Tá cónaí ar uachtarán raithe SAM ann sa Teach Bán, a dearadh ag James Hoban agus a tógadh ag deireadh an ochtú aois déag.
Mana: «Justitia Omnibus» (3 Lúnasa 1871)
Siombail oifigiúil: Smólach coille agus Capitalsaurus ⁽ᵉⁿ⁾
Ainmnithe in ómós: George Washington agus Criostóir Colambas