Baile is ea Cill Dara i gContae Chill Dara. De réir an béaloideas bhunaigh Bríd Naofa an baile. Bhronn taoiseach an méid talún is a chlúdaigh a brat uirthi. Leag sí a brat síos ar an talamh agus thosaigh sé ag méadú. Thóg Bríd eaglais nó cill in aice le dair. Is de bharr sin a ghlaotar Cill Dara air.