Is stát de chuid S.A.M. é Indiana. Is é Indianapolis an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tugtar an t-ainm "Hoosiers" ar na daoine atá ina gcónaí sa stát. Tá teorainneacha ag Indiana le ceithre stát eile: Ohio, Michigan, Kentucky agus Illinois. Tá iarthuaisceart an stáit ar bhruach Loch Michigan agus tá deisceart an stáit ar bhruach na hAbhann Ohio.
Aintiún: On the Banks of the Wabash, Far Away (14 Márta 1913)
Mana: «The Crossroads of America»
Siombail oifigiúil: Cairdinéal tuaisceartach agus On the Banks of the Wabash, Far Away